logo phone


email

+353 (0)86 211 9290 / +353 (0) 1 849 0133


info@foremost.ie

English   american flag France   french flag Italiano   italian flag Deutsch   german flag Espanol   spanish flag Nederlands   dutch flag Gaelic  Irish flas Chinese  China flag

Custam  
logo

 

Tá Údaráis Chustaim agus Ioncaim ar fud an domhain ag ardú a leibhéil rialaithe agus monatóireachta maidir le trádáil idirnáisiúnta agus loingis aonair. Déantar Iniúchtaí Ioncaim níos minice agus níos mionshonraithe mar thoradh ar sin.

Féadfaidh cliaint imréitigh custaim a bheith níos muiníní gur beag a chuirfidh na hiniúchtaí sin isteach ar a bpróiseas inmheánach agus na rannóga loingis mar cinntíonn Foremost Freight go rangaítear earraí go cruinn ar an gcéad dul síos.  Chun tuilleadh eolas a fháil ar rangú na míreanna nádúrtha agus monaraithe click here. (cliceáil anseo)


Cinntíonn an rangú cruinn go n-íoctar na rátaí cearta dleachta, más infheidhme, agus CBL nuair a atáthar ag allmhairiú.


Stórálann Foremost Freight gach doiciméid agus taifead go rúnda agus go daingean. Tá foireann ar fáil chun dul i ngleic le scrúdú custaim fisiceach na ndoiciméad nó na n-earraí nuair a allmhairítear iad nó d'fhéadfadh scrúduithe iartheachtacha tarlú i rith na nIniúchtaí.
Tá allmhaireoirí in ann costais bhreise ró-íocaíochtaí de, dhleachtanna agus cánacha a sheachaint chomh maith leis an riosca a bhaineann le pionóis, fíneálacha agus tobhaigh, atá in ann eascairt ó ghanníocaíocht.


Tá Foremost Freight suite go háisiúil i ngar do Chalafort agus Aerfort Bhaile Átha Cliath cé go ndéantar imréiteach custaim, nó Próiseáil Iontrála Uathoibríoch (AEP), a bhainistiú go leictreonach trí EDI, agus is féidir imréiteach allmhaire agus onnmhaire a fháil do bhearta, pailléid nó coimeádáin atá ag teacht isteach nó ag fágáil calafort nó aerfort ar bith in Éirinn.
Is féidir imréiteach a shocrú trí EDI do dhearbhuithe allmhairithe CAP agus onnmhairithe CAP.

Socraíonn agus próiseálann Foremost;

  • Ceadúnais
  • Deimhnithe Bunáite 
  • Litreacha Creidmheasa
  • Doiciméid a dhéanamh Dleathach
  • Rangú Taraifí

 

 

 

Eolas breise;
Irish Revenue / Customs Audits (Ioncam na hÉireann / Iniúchtaí Custam)

EORI, Economic Operator Registration and Identification System (EORI, Córas Cláraithe  Oibritheora Eacnamaíoch agus Aitheantais)


ICS, Import Control System, AEP changes, ECS, Export Control System (ICS, Córas Rialaithe Allmhairithe, Athruithe AEP, Córas Rialaithe Onnmhairithe)


How long should books and records be kept in the UK (Cén fhad ar chóir leabhair agus taifid a choinneáil sa Ríocht Aontaithe)


Appoint Foremost Freight as your customs clearance agent Form (Ceap Foremost Freight mar do ghníomhaire imréitigh custaim Foirm)